Leathanbhanda Snáithín
- Naisc ábhartha eile
- Réamhrá – Ag dul ar líne
- Leathanbhanda Snáithín
- Pointí Rochtana Poiblí WiFi4EU
- Pointí Nasctha Leathanbhanda
- Léarscáil maidir le dul ar líne
- Raon Clúdaigh Móibíleach
Is beartas rialtais é an Plean Náisiúnta Leathanbhanda (NBP) a bhfuil sé mar aidhm aige a chinntiú go mbeidh rochtain ag gach teach, scoil agus gnó in Éirinn – is cuma cé chomh iargúlta is atá siad – ar leathanbhanda
ardluais. Tá sé seo á bhaint amach trí mheascán d’infheistíocht tráchtála ar fud na tíre agus idirghabháil stáit.
Tá infheistíocht shuntasach tráchtála déanta ag cuideachtaí teileachumarsáide i gContae na Gaillimhe le roinnt blianta anuas, agus bhain roinnt bailte leas as seirbhís nua snáithín.
Tá seirbhís Snáithín go Baile (FTTH) ar fáil anois i gcuid mhór de Bhaile Átha an Rí, Tuaim, An Gort, An Clochán, Bearna agus Órán Mór.
I mí Aibreáin 2017 rinne Eir comhaontú leis an Aire Cumarsáide chun rochtain ar leathanbhanda ardluais a sholáthar do 300,000 teach agus gnó faoin tuath in Éirinn – bhí 28,868 de na réadmhaoine seo i gContae na Gaillimhe.
Tabharfaidh idirghabháil stáit seirbhís chuig ceantair nach dócha go ndéanfaidh oibreoirí tráchtála atá ag gníomhú ina n-aonar infheistíocht iontu. Ceantair thuaithe iad seo den chuid is mó. Is é ról Chomhairle Chontae na Gaillimhe sa phlean seo ná mar éascaitheoir i rolladh amach an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda agus oibreoidh sí le NBI chun rolladh amach leathanbhanda i gContae na Gaillimhe a éascú.
Beidh an infheistíocht tríd an tionscadal seo i gContae na Gaillimhe thar na 25 bliana thart ar €153 milliún, an dara leibhéal infheistíochta is airde in aon chontae sa tír.
Is ionann líon iomlán na réadmhaoine atá le seirbhísiú ag an scéim seo i gContae na Gaillimhe agus 38,338, sin 7.13% de na naisc iomlána atá le seachadadh faoin gconradh seo don tír ar fad.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte